Ms B agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (an Roinn)
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Cásuimhir: 130042
Foilsithe
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Cásuimhir: 130042
Foilsithe
An raibh an Roinn ceart gan rochtain a thabhairt ar thaifid áirithe a bhain le ceapadh daoine chuig Bord Údarás na Gaeltachta (an Bord)
22 Bealtaine 2014
Ina hiarratas bunaidh an 11 Nollaig 2012, lorg an t-iarrthóir rochtain ar ainmneacha agus ar ghairmeacha beatha na ndaoine a rinne iarratas ar bhallraíocht an Bhoird, ar an gcóras marcála a úsáidtear chun na hiarrthóirí a mheas, agus aon taifid eile a bhaineann le ceapadh an bhoird.
Ina chinneadh bunaidh ar an 7 Eanáir 2013, d’aithin an Roinn seacht dtaifead a bhí ábhartha don iarratas agus dhiúltaigh siad rochtain ar gach ceann seachas ceann amháin ar bhonn Ailt 22(1)(a) agus 28(1) den Acht um SF. Lorg an t-iarrthóir athbhreithniú inmheánach ar an 12 Eanáir 2013 agus dheimhnigh athbhreithniú inmheánach na Roinne an cinneadh bunaidh ar an 6 Feabhra 2013. Chuir an t-iarrthóir iarratas ar athbhreithniú isteach chuig m’Oifig ar an 9 Feabhra 2013.
I rith an athbhreithnithe, aithníodh cúig thaifead eile, agus eisíodh ceann díobh ina iomláine agus eisíodh cuid den cheithre thaifead eile chuig an iarrthóir. Tugadh faisnéis bhreise don iarrthóir chomh maith. Chuir Brenda Lynch, Uasal, Imscrúdaitheoir an t-iarrthóir ar an eolas faoina tuairimí ar na saincheisteanna ábhartha leis an athbhreithniú trí litir ar an 14 Feabhra 2014. Mar fhreagra, dúirt an t-iarrthóir gur theastaigh cinneadh foirmiúil uaithi. Agus an t-athbhreithniú seo á dhéanamh, tá aird agam ar aighneachtaí an iarrthóra, ar aighneachtaí na Roinne, ar aon fhreagraí ó thríú páirtithe ar a bhfuil tionchar, ar fhorálacha na nAchtanna um SF, agus ar ábhar na dtaifead lena mbaineann.
Dhiúltaigh an Roinn rochtain ar thaifid 5 go 7 faoi alt 22(1)(a) den Acht um SF ar an mbunús go raibh comhairle dlí iontu. I rith an athbhreithnithe, dúirt iníon Lynch leis an iarrthóir gur léir nár theastaigh uaithi diúltú thaifead 5-7 a fiosrú mar nach ndearna sí aon tagairt dóibh seo ina hiarratas ar athbhreithniú. De bhrí nach ndearna an t-iarrthóir aon agóid faoi seo, meastar go bhfuil na taifid seo eisiata ó scóip an athbhreithnithe seo. Anuas air sin, níl aon chuid de na taifid a eisíodh i rith an athbhreithnithe faoin scóip níos mó. Dá réir sin, ní bhaineann m’athbhreithniú ach lena raibh an Bord ceart nó nach raibh chun rochtain a dhiúltú ar thaifid 1, 2 agus 4 agus gan ach rochtain pháirteach a cheadú ar thaifid 3 agus 8 go 11.
Tá sonraí na ndaoine aonair a rinne iarratas lena cheapadh ar an mBord agus mionsonraí achomair fúthu ar fad i dtaifead 2. I rith an athbhreithnithe, chuaigh Iníon Lynch i gcomhairle le ceathrar acu siúd lena mbaineann, ar ceapadh gach duine díobh ar an mBord tar éis iarratas a dhéanamh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS). De bhrí nár chuir an ceathrar sin i gcoinne eisiúint na faisnéise ábhartha, d'fhág mé na codanna ábhartha de thaifead 2 amach as scóip an athbhreithnithe seo, ar fhothaí gur thoiligh na daoine lena mbaineann, go bunúsach, le heisiúint na faisnéise idir lámha.
Dhiúltaigh an Roinn rochtain, iomlán nó páirteach, ar na taifid idir lámha ar an mbunús go bhfuil faisnéis phearsanta iontu agus dá bhrí sin go bhfuil siad díolmhaithe óna n-eisiúint faoi alt 28 den Acht um SF. Is é atá i dtaifead 1 foirmeacha iarratais na ndaoine aonair a rinne iarratais tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) lena cheapadh mar bhaill den Bhord. Mar a dúirt mé cheana, is liosta atá i dtaifead 2 a réitigh oifigeach na Roinne de na daoine seo agus alt gearr faoi gach duine díobh, lena n-áirítear meascán d’fhaisnéis fhíriciúil agus tuairimí. Is tábla atá i dtaifead 3 ina liostaítear na daoine aonair seo agus ina ndeirtear an bhfuil na cáilíochtaí agus an taithí chuí acu faoi roinnt ceannteideal, agus níor baineadh amach ach na hainmneacha. Is liosta atá i dtaifead 4 a chuir oifigigh na Roinne i dtoll a chéile de 34 duine a d’fhéadfadh a bheith feiliúnach le ceapadh chun an Bhoird, ach nach ndearna iarratas trí PAS. D’fhéadfadh sé nach raibh na daoine i dtaifead 4 ar an eolas go raibh an n-ainmneacha ar liosta den chineál sin. D’fhéadfadh sé chomh maith nach bhfuil infhaighteacht ná toilteanas na ndaoine seo le bheith ar an mBord ar eolas. Léirithe atá i dtaifid 8, 9 agus 11 chuig an Aire nó chuig an Aire Stáit i ndáil le ceapadh an Bhoird. Aitheantas ar thaifead 9 atá i dtaifead 10.
Folaíonn alt 28(1) den Acht um SF:
“Faoi réir fhorálacha an ailt seo, diúltóidh ceann géilleadh d'iarraidh faoi alt 7 más é tuairim an chinn go nochtfaí faisnéis phearsanta dá dtabharfaí rochtain ar an taifead áirithe”.
Chun críocha an Achta um SF, is é is faisnéis phearsanta ann faisnéis faoi dhuine aonair inaitheanta (a) nach mbeadh ar eolas, go hiondúil, ach amháin ag an duine aonair nó ag daoine de theaghlach an duine aonair nó ag cairde an duine aonair, nó (b) atá i seilbh comhlachta phoiblí ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh sé léi i modh rúin. Leagtar amach san Acht um SF dhá chatagóir déaga áirithe faisnéise atá pearsanta gan dochar do ghinearáltacht an tsainmhínithe seachligin, lena n-áirítear “...(iii) faisnéis maidir le fostaíocht nó stair fostaíochta an duine aonair, . . . . . (x) ainm an duine aonair i gcás go bhfuil sé ann mar aon le faisnéis phearsanta eile a bhaineann leis an duine aonair nó i gcás go suífeadh, nó gur dóigh go suífeadh, nochtadh an ainm gur leis an duine aonair a bhaineann aon fhaisnéis phearsanta atá i seilbh an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, . . [agus] (xii) dearcadh nó tuairimí duine eile faoin duine aonair”. Agus scrúdú déanta ar na taifid atá i gceist, tá mé sásta go bhfuil faisnéis phearsanta iontu a bhaineann le daoine aonair inaitheanta agus is é mo chinneadh go mbaineann Alt 28(1) den Acht um SF leis an bhfaisnéis seo. Ach, ní é sin deireadh na ceiste mar go gcaithfidh mé feidhm na bhforálacha eile d’Alt 28 a chur san áireamh chomh maith.
Folaíonn Alt 28(2)(b) d’eisiúint faisnéis pearsanta i gcás go dtoilíonn an duine lena mbaineann an fhaisnéis lena heisiúint. In imthosca an athbhreithnithe seo, ní mheasaim go bhfuil sé cuí toiliú na ndaoine aonair lena mbaineann an fhaisnéis a fháil chun a bhfaisnéis phearsanta a eisiúint.
Folaíonn alt 28(5) den Acht um SF:
“(5) I gcás gurb é tuairim an chinn lena mbaineann, maidir le hiarraidh faoi alt 7 a ndiúltófaí géilleadh di faoi fho-alt (1) murach an fo-alt seo—
(a) gur tábhachtaí, tríd is tríd, leas an phobail go ngéillfí don iarraidh ná leas an phobail go gcosnófaí ceart chun príobháideachta an duine aonair lena mbaineann an fhaisnéis, nó
(b) go rachadh sé chun tairbhe don duine aonair réamhráite, tríd is tríd, dá ngéillfí don iarraidh,
féadfaidh an ceann, faoi réir alt 29 , géilleadh don iarraidh.”
Níl aon fhianaise romham a thugann le fios go mbainfeadh tairbhe le heisiúint na dtaifead do na daoine aonair a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta sna taifid. Dá bhrí sin, cinnim nach bhfuil feidhm ag alt 28(5)(b). Ach, is gá a chur san áireamh an bhféadfaí an t-iarradh a dheonú faoi alt 28(5)(a). Chun alt 28(5)(a) a fhorfheidhmiú is gá leas an phobail a bhaineann le heisiúint na dtaifead áirithe a aithint agus é sin a mheas in aghaidh leas an phobail a bhainfeadh le ceart chun príobháideachta na ndaoine sin a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta á lorg ag an iarrthóir. I ndáil leis an gceist a bhaineann le cá suíonn leas an phobail faoi alt 28(5)(a), rinneadh idirdhealú idir leasa príobháideacha agus leasa an phobail i mbreithiúnas sa Chúirt Uachtarach i gcás The Governors and Guardians of the Hospital for the Relief of Poor Lying-In Women v The Information Commissioner [2011] IESC 26 [ar a dtugtar “cás Ospidéal an Rotunda” go coitianta]. Léiríonn tuairimí Fennelly J. nach bhfuil iarratas “a dhéanann duine aonair príobháideach chun críche príobháideach” ina “iarratas ar son leas an phobail”. Anuas air sin, i dtuairim Macken J., theastódh “leas an phobail fíor, inaitheanta trí bheartas a bhfuil aithne air agus bunaithe, arna ghlacadh ag an Oireachtas, nó ag an dlí” chun go mbeadh leas an phobail i gceist.
Aithnítear san Acht um SF féin leas an phobail an-láidir i gcosaint chearta chun príobháideachta, arna léiriú sa teanga in alt 28 agus i dTeideal Fada an Achta (ina ndeirtear go gcaithfidh eisiúint taifead faoi SF a bheith comhsheasmhach leis an “gCEART CHUN PRÍOBHÁIDEACHTA”). Ní chuirfear cearta chun príobháideachta dá bhrí sin i leataobh ach amháin i gcás go bhfuil leas an phobail a bhainfeadh le hiarradh a dheonú (agus na cearta sin a shárú) sách láidir chun leas an phobail a bhainfeadh le ceart chun príobháideachta a chosaint a bhualadh.
Ina haighneachtaí leis an Oifig seo, dúirt an t-iarrthóir gur tháinig an próiseas um cheapadh Boird in 2012 in ionad próiseas toghchánach a bhíodh ann roimhe sin. Ina tuairim, baineann leas an phobail le heisiúint na faisnéise atá á lorg ionas go mbeidh a fhios ag muintir na Gaeltachta na cúiseanna agus an bunús gur roghnaíodh na daoine agus ar roghnaíodh iad bunaithe ar a n-oiriúnacht nó mar gheall ar a gcomhcheangal polaitíochta.
Tá mé sásta gur freastalaíodh ar leas an phobail go pointe áirithe trí fhaisnéis ar leith a eisiúint a bhaineann le ceapacháin chuig an mBord. Áirítear leis an bhfaisnéis sin roinnt iarratas a rinneadh trí PAS agus an fhaisnéis atá i dtaifead 3 a eisíodh cheana féin, eadhon na critéir a úsáideadh chun iarratais agus cáilíochtaí agus/nó taithí na n-iarrthóirí a mheas i gcoibhneas na gcritéar sin. Foilsítear gairmeacha, agus faisnéis eile faoi bhaill an Bhoird ar shuíomh gréasáin an Bhoird.
Baineann taifid 1, 2 agus 3 leis an bpróiseas iarratais a rinneadh trí PAS. Tá an fhaisnéis atá i dtaifead 1 an-phearsanta. D’aithin an Roinn, i litir chuig an iarrthóir, na baill sin den bhord a ceapadh tar éis iarratas a dhéanamh trí PAS. Measaim nach tábhachtaí leas an phobail a bhainfeadh le heisiúint na faisnéise sna taifid seo a coinníodh siar ná leas an phobail a bhainfeadh le seasadh le ceart chun príobháideachta na ndaoine aonair lena mbaineann an fhaisnéis.
Chuir an Roinn an t-iarrthóir ar an eolas nár ceapadh ceachtar de na daoine liostaithe i dtaifead 4 chuig an mBord. Tá mé sásta nach leor don Roinn duine a lua go haontaobhach laistigh dá bhronntanas go bhféadfaí iad a chur san áireamh i gcomhair poist chun ceart chun príobháideachta an duine sin a dhíláithriú agus measaim nach mó leas an phobail in eisiúint an taifid seo ná ceart chun príobháideachta na ndaoine aonair a luaitear sa taifead.
Eisíodh taifid 8-11, seachas ainmneacha na n-iarrthóirí arna dtacú, agus i gcás thaifead 11, faisnéis a d'aithneodh an t-iarrthóir agus aitheantas an duine a rinne an t-uiríoll mar gur ball de theaghlach an iarrthóra atá i gceist. Chuir an Roinn an t-iarrthóir ar an eolas nár ceapadh ceachtar de na daoine a ndearnadh uiríll ar a son chuig an mBord. Measaim nach tábhachtaí leas an phobail a bhainfeadh le heisiúint na faisnéise sna taifid seo a coinníodh siar ná ceart chun príobháideachta na ndaoine aonair lena mbaineann an fhaisnéis.
Tar éis athbhreithniú a dhéanamh faoi Alt 34(2) den Acht um SF, deimhním leis seo cinneadh na Roinne agus cinnim go bhfuil feidhm ag Alt 28(1) den Acht um SF leis an bhfaisnéis a coinníodh siar.
Féadfaidh páirtí le hathbhreithniú, nó aon duine eile a bhfuil tionchar ag cinneadh an Choimisinéara Faisnéise orthu, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phointe dlí ag eascairt ón gcinneadh. Caithfear achomharc den chineál sin a thosú nach déanaí ná ocht seachtaine ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh don duine a bhfuil achomharc á dhéanamh acu.
Peter Tyndall
An Coimisinéir Faisnéise