An tUas. KM agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014)
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Cásuimhir: 180183
Foilsithe
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Cásuimhir: 180183
Foilsithe
Cé acu a bhí nó nach raibh údar ag an Roinn leis an mbreith uaithi diúltú géilleadh don iarraidh ón iarratasóir ar "aon taifead a bhaineann le ceapacháin ar bhord Údarás na Gaeltachta ó 1/1/17 go dáta"
25 Meitheamh 2018
An 18 Eanáir 2018, d’iarr an t-iarratasóir rochtain ar "aon taifead a bhaineann le ceapacháin ar bhord Údarás na Gaeltachta ó 1/1/17 go dáta". An 31 Eanáir 2018, shoiléirigh sé nach raibh sé ag iarraidh rochtain a fháil ar "aon chomhfhreagras a bhaineann leis an leabhrán eolais nó comhfhreagras idir agus chuig na Comhairlí Chontae faoin phróiseas trína cheaptar comhaltaí". Sa bhreith uaithi an 21 Márta 2018, shainaithin an Roinn 29 dtaifead a tháinig faoi raon feidhme na hiarrata. Ghéill an Roinn do rochtain iomlán ar 19 gcinn de na taifid sin agus ghéill sí do rochtain pháirteach ar na deich dtaifead eile. Rinne an t-iarratasóir iarraidh ar athbhreithniú inmheánach an 16 Aibreán 2018 maidir leis an bhfaisnéis shiarchoinnithe i dTaifid 3 agus 13 amháin. An 4 Bealtaine 2018, dhaingnigh an Roinn an bhreith uaithi diúltú géilleadh do rochtain ar an bhfaisnéis shiarchoinnithe ar an mbonn nár bhain an fhaisnéis sin le hábhar na hiarrata nó go raibh feidhm ag alt 37(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir leis an bhfaisnéis.
An 8 Bealtaine 2018, d’iarr an t-iarratasóir ar an Oifig seo athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreith ón Roinn.
Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh agam, thug mé aird ar aighneachtaí an iarratasóra agus na Roinne agus ar fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise. Thug mé aird freisin ar inneachar na faisnéise siarchoinnithe. Chinn mé an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche ach breith cheangailteach fhoirmiúil a thabhairt.
Ba é an t-aon ní a bhí i gceist leis an athbhreithniú seo ná cé acu a bhí nó nach raibh údar ag an Roinn le diúltú géilleadh do rochtain ar an bhfaisnéis shiarchoinnithe i dTaifid 3 agus 13 ar an mbonn nár bhain inneachar na dtaifead sin le hábhar na hiarrata nó go raibh feidhm ag alt 37(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le hinneachar na dtaifead.
Is é atá i dTaifead 3 ná ríomhphost idir oifigigh na Roinne maidir le "Bord Nua an Údaráis 2017". Tá dhá cheangaltán ag gabháil leis. Is é seasamh na Roinne nach le hábhar na hiarrata, i.e. "le ceapacháin ar bhord Údarás na Gaeltachta", a bhaineann an t-inneachar leasaithe sa ríomhphost agus i gceann amháin de na ceangaltáin agus an t-inneachar iomlán sa cheangaltán eile. Tar éis dom scrúdú a dhéanamh ar an taifead atá i gceist, comhaontaím leis an Roinn agus cinnim nach dtagann an t-inneachar leasaithe faoi raon feidhme an athbhreithnithe seo.
Is é atá i dTaifead 13 ná ríomhphost ó phearsa aonair chuig an Aire Stáit sa Roinn. Dhiúltaigh an Roinn géilleadh do rochtain ar inneachar sa taifead sin ar an mbonn nach mbaineann cuid den fhaisnéis le hábhar na hiarrata agus go bhfuil feidhm ag alt 37 maidir leis an bhfaisnéis shiarchoinnithe eile. Tar éis dom scrúdú a dhéanamh ar an taifead, is deimhin liom nach mbaineann an mhír dheiridh le hábhar na hiarrata agus cinnim nach dtagann an chuid sin den taifead faoi raon feidhme na hiarrata agus an athbhreithnithe seo.
I gcás an inneachair leasaithe i dTaifead 13 ar diúltaíodh géilleadh do rochtain air ar an mbonn go bhfuil feidhm ag alt 37 maidir leis, tá san inneachar sin sonraí teagmhála an tseoltóra agus tuairim na pearsan sin faoi phearsa aonair eile.
Foráiltear le halt 37(1) den Acht um Shaoráil Faisnéise go ndiúltófar géilleadh do rochtain ar thaifead i gcás go nochtfaí faisnéis phearsanta dá dtabharfaí rochtain.
Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht um Shaoráil Faisnéise ar an téarma "faisnéis phearsanta" ná faisnéis faoi phearsa aonair inaitheanta (a) nach mbeadh ar eolas, go hiondúil, ach amháin ag an bpearsa aonair nó ag daoine de theaghlach na pearsan aonair nó ag cairde na pearsan aonair, nó (b) atá i seilbh comhlacht saorála faisnéise ar an mbonn tuisceana go ndéileálfadh an comhlacht sin léi i modh rúin. Tugtar liosta de 14 chineál shonracha faisnéise sa sainmhíniú sin freisin, lena n-áirítear (xiv) dearcadh nó tuairimí duine eile faoin bpearsa aonair.
Tar éis dom scrúdú a dhéanamh ar an taifead, is deimhin liom gurb ionann sonraí an tseoltóra agus sonraí pearsanta na pearsan aonair, a bhfuil feidhm ag alt 37(1) maidir leo. Is deimhin liom freisin gurb ionann an t-inneachar leasaithe eile, ina nochtar tuairim an tseoltóra faoi phearsa aonair eile, agus faisnéis phearsanta na pearsan aonair lena mbaineann an fhaisnéis. Tá feidhm ag alt 37(1) maidir leis an bhfaisnéis sin freisin.
Is deimhin liom nach mbaineann ceann ar bith de na himthosca atá sainaitheanta in alt 37(2) leis an gcás seo.
Tarraingím aird anois ar alt 37(5), lena bhforáiltear d’eisceachtaí ó dhíolúine alt 37(1). Ní mheasaim go bhfuil aon bhunús ann lena chinneadh go rachadh géilleadh don iarraidh chun tairbhe do na pearsana lena mbaineann an fhaisnéis. Dá bhrí sin, is deimhin liom nach bhfuil feidhm ag alt 37(5)(b) sa chás seo.
Foráiltear le halt 37(5)(a) gur cheart géilleadh do rochtain ar an bhfaisnéis phearsanta de chuid tríú páirtí i gcás gur tábhachtaí, tríd is tríd, leas an phobail go ngéillfí don iarraidh ná ceart na pearsan aonair lena mbaineann an fhaisnéis chun príobháideachta. I dtaca le leas an phobail, tá sé tábhachtach aird a thabhairt ar na tuairimí ón gCúirt Uachtarach sa chás Gobharnóirí agus Caomhnóirí an Ospidéil um Fhóirithint ar Mhná Bochta i Luí Seoil v An Coimisinéir Faisnéise [2011] IESC 26 ("breithiúnas Rotunda"). Tugtar faoi deara sna tuairimí sin gur cheart idirdhealú a dhéanamh idir leas an phobail ("fíorleas an phobail, a n-aithnítear é bunaithe ar bheartas aithnidiúil seanbhunaithe arna ghlacadh ag an Oireachtas nó leis an dlí") agus leas príobháideach.
Aithnítear san Acht um Shaoráil Faisnéise féin leas an phobail in oscailteacht agus cuntasacht comhlachtaí poiblí a chinntiú sa dóigh a seolann siad a gcuid gnó. Maíonn an t-iarratasóir gurb amhlaidh, bunaithe ar an measúnú uaidh ar inneachar agus comhthéacs an taifid, go mbeadh sé chun leas an phobail an fhaisnéis phearsanta atá i gceist a scaoileadh. Ní fhéadfaidh mé inneachar ná comhthéacs an taifid a nochtadh toisc go nochtfaí inneachar díolmhaithe dá ndéanfaí amhlaidh (féach alt 25(3)) Os a choinne sin, aithnítear san Acht um Shaoráil Faisnéise freisin leas an-láidir an phobail i gcearta príobháideachta a chosaint - rud a aithnítear i dteanga alt 37 agus sa Teideal Fada leis an Acht araon (ina gcuirtear in iúl go soiléir nach mór aon scaoileadh taifead faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a bheith i gcomhréir leis an "gceart chun príobháideachta"). Is fiú a lua freisin go ngabhann gné Bhunreachtúil leis an gceart chun príobháideachta freisin, agus é ar cheann de na cearta pearsanta ar leith a thugtar faoin mBunreacht. Dá bhrí sin, ní chuirfear an ceart chun príobháideachta ar leataobh ach amháin i gcás gur tábhachtaí leas an phobail go ngéillfí don iarraidh (agus go sárófaí an ceart chun príobháideachta dá bharr sin) ná leas an phobail go gcosnófaí príobháideacht. Cinnim gur tábhachtaí, in imthosca an cháis seo, an ceart chun príobháideachta atá ag na pearsana aonair a bhfuil a bhfaisnéis phearsanta sna taifid ná leas an phobail i ngéilleadh don iarraidh ón iarratasóir.
Go hachomair, cinnim go bhfuil feidhm ag alt 37(1) maidir le faisnéis phearsanta na bpearsan aonair atá sa taifead agus nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na heisceachtaí faoi alt 37 maidir leis an bhfaisnéis.
Tar éis dom athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 22(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, daingním leis seo an bhreith ón Roinn agus cinnim go bhfuil feidhm ag alt 37(1) maidir leis an bhfaisnéis shiarchoinnithe. Ós rud é gur iarr an t-iarratasóir cinneadh air seo, cinnim freisin, mar a thagann faoi raon feidhme an athbhreithnithe, nach dtagann an chuid eile den fhaisnéis leasaithe sna taifid faoi raon feidhme na hiarrata uaidh. Dá bhrí sin, daingním an bhreith ón Roinn ina leith sin.
Leagtar amach in alt 24 den Acht um Shaoráil Faisnéise forálacha mionsonraithe le haghaidh achomhairc chun na hArd-Chúirte ag páirtí in athbhreithniú nó ag duine ar bith eile a ndéanann an bhreith difear dó nó di. Mar achoimre, is gá achomharc den sórt sin, a dhéantar ar phonc dlí go hiondúil, a thionscnamh tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine ón uair a tugadh fógra faoin mbreith don duine atá ag déanamh an achomhairc.
Elizabeth Dolan
Imscrúdaitheoir Sinsear