GK agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Cásuimhir: OIC-62836-D2L7M1
Foilsithe
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Cásuimhir: OIC-62836-D2L7M1
Foilsithe
Cibé an raibh údar maith, nó nach raibh le breith na Roinne diúltú géilleadh d’iarraidh maidir le rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann le foilsiú agus dréachtú an Bhille um Theangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, ón 1 Bealtaine 2017 go dtí dáta na hiarrata
30 Meitheamh 2020
In iarraidh dar dáta 13 Nollaig 2019, lorg an t-iarratasóir rochtain ar thaifid a bhaineann le foilsiú agus dréachtú an Bhille um Theangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, ón 1 Bealtaine 2017 go dtí dáta na hiarrata. Chuaigh an Roinn i dteagmháil leis an iarratasóir in iarracht an iarraidh a bheachtú, ach níor éirigh leis seo. Chinn an Roinn nach laghdófaí an méid oibre a bhí le déanamh ag an Roinn chun freagra a thabhairt ar an iarraidh, leis na leasuithe a moladh. I mbreith dar dáta an 24 Nollaig 2019, dhiúltaigh an Roinn géilleadh don iarraidh ar an mbonn go raibh feidhm ag ailt 15(1)(c), 28(2), 29(1) agus 30(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise. An 17 Eanáir 2020, lorg an t-iarratasóir athbhreithniú inmheánach ar an mbreith, agus íocadh an táille ábhartha an 5 Feabhra 2020. An 26 Feabhra 2020 dhaingnigh an Roinn gur dhiúltaigh sí don iarraidh. An 28 Feabhra 2020, rinne an t-iarratasóir iarratas ar athbhreithniú ar bhreith na Roinne chuig an Oifig seo; d’íoc sí an táille achomhairc reachtúil an 10 Márta 2020.
Tá m'athbhreithniú curtha i gcrích agam anois de réir alt 22(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise. Agus m’athbhreithniú á dhéanamh agam, thug mé aird ar thráchtanna an iarratasóra ina hiarratas ar athbhreithniú agus ar na haighneachtaí a rinne an comhlacht um Shaoráil Faisnéise mar thaca lena chinneadh. Tá sé cinnte agam an t-athbhreithniú seo a thabhairt i gcrích trí bhreith fhoirmiúil, cheangailteach.
Ní bhaineann an t-athbhreithniú seo ach leis an gceist maidir le cibé an raibh údar maith le breith na Roinne, nó nach raibh, faoi alt 15(1)(c) den Acht, diúltiú géilleadh d’iarraidh maidir le rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann le foilsiú agus dréachtú an Bhille um Theangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, don tréimhse idir an 1 Bealtaine 2017 agus an 13 Nollaig 2019.
Ina cinntí, dhiúltaigh an Roinn géilleadh don iarraidh ar an mbonn go raibh feidhm ag roinnt forálacha den Acht um Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear alt 15(1)(c). I gcomhréir lenár ngnáthnósanna imeachta, lorg an Oifig seo aighneacht ón Roinn mar thaca lena seasamh. Dheimhnigh an Roinn go bhfuil sí ag brath anois go hiomlán ar alt 15(1)(c) mar bhunús leis an diúltú.
Foráiltear le halt 15 (1) (c) go bhféadfar iarraidh a dhiúltú más rud é “gurb é tuairim an chinn gur ghá, dá ngéillfí don iarraidh, mar gheall ar líon nó ar chineál na dtaifead lena mbaineann nó ar chineál na faisnéise lena mbaineann, líon taifead chomh mór sin a aisghabháil agus a scrúdú, nó scrúdú a dhéanamh ar na taifid lena mbaineann ar scrúdú de shórt é, go gcuirfí bac nó go gcuirfí isteach, go substaintiúil agus go míréasúnta, ar obair an chomhlachta saorála faisnéise lena mbaineann (lena n-áirítear cur isteach ar obair i limistéar feidhme áirithe).
Foráiltear le halt 15 (4) den Acht um Shaoráil Faisnéise nach ndiúltóidh comhlacht saorála faisnéise géilleadh d’iarraidh saorála faisnéise de bhun alt 15 (1)(c) murar thug sé nó sí cúnamh, nó murar thairg sé nó sí cúnamh a thabhairt, don iarratasóir lena mbaineann d’fhonn féachaint le leasú a dhéanamh ar an iarraidh lena cur isteach athuair sa chaoi is nach dtiocfadh sí faoi réim alt 15(1)(c) a thuilleadh. Toisc nach féidir le comhlacht saorála faisnéise brath ar alt 15(1)(c) murar thug sé nó sí cúnamh, nó murar thairg sé nó sí cúnamh a thabhairt, don iarratasóir mar a cheanglaítear le halt 15 (4), is í seo an chéad saincheist ba cheart a mheas in aon chás ina bhfuil comhlacht saorála faisnéise ag brath ar alt 15(1)(c).
Leag an Roinn amach, ina haighneacht, an teagmháil a rinne sí leis an iarratasóir d’fhonn an iarraidh a leasú ionas nach dtiocfadh sí faoi alt 15 (1)(c) a thuilleadh. Chuir sí cóip den chomhfhreagras ábhartha ar fáil. Rinne an t-iarratasóir roinnt moltaí agus d’fhreagair an Roinn go gcuirfí bac nó go gcuirfí isteach, go substaintiúil agus go míréasúnta, ar obair na rannóige, fiú leis na leasuithe a bhí molta aici. Thug sí cuireadh don iarratasóir freisin na taifid a theastaigh uaithi a shainaithint agus mar fhreagra, athdhearbhaigh sí go bunúsach an iarraidh bhunaidh. Dheimhnigh sí gur mian léi rochtain a fháil ar dhoiciméid a bhaineann le dréachtú agus foilsiú an Bhille lena n-áirítear na leasuithe ar an mBille agus aon chomhfhreagras idir Ranna a bhaineann leis seo. Sna himthosca, táim sásta gur chomhlíon an Roinn ceanglais alt 15(4).
Leag an Roinn amach mionsonraí faoin áit ar stóráladh na taifid agus na céimeanna tosaigh a glacadh chun an líon nó na taifid arna gcumhdach leis an iarraidh a aimsiú, taifid a chaithfí scrúdú a dhéanamh orthu. Tar éis cuardach a dhéanamh ar chuntais ríomhphoist agus fillteáin chomhroinnte a bhí ag an rannán a bhí freagrach as Bille na dTeangacha Oifigiúla 2019, dúirt an Roinn gur sainaithníodh os cionn 3,500 taifead a chaithfí scrúdú a dhéanamh orthu. Thug sí meastachán ar na huaireanta foirne a theastódh chun é seo a dhéanamh. Lean sí ar aghaidh ag rá nár cuireadh san áireamh sa líon seo, na taifid pháipéir a chaithfí a scrúdú, ná an gá le teagmháil a dhéanamh le rannáin eile den Roinn a d’fhéadfadh taifid ábhartha a bheith acu freisin, ná an gá féideartha de theagmháil a dhéanamh le comhlachtaí eile maidir le haon taifid aitheanta a d’fhéadfadh a bheith bainteach leo. Dúirt sí freisin, cé go bhféadfaí téarmaí cuardaigh ábhartha a úsáid chun cabhrú le taifid a shainaithint, ní bheifí in ann taifid a asbhaint go leictreonach, agus go mbeadh ar bhall foirne sa rannán taifid den sórt sin a asbhaint agus scrúdú a dhéanamh orthu.
Dúirt an Roinn go bhfuil cúigear sa rannán a dhéileálann le Bille na dTeangacha Oifigiúla agus liostáil sí roinnt feidhmeanna eile de chuid na Roinne a bhaineann le beartas na Gaeilge a bhfuil sí freagrach astu freisin. Dúradh go gcuirfeadh an obair, a bheadh ag teastáil chun freagra a thabhairt ar an iarraidh saorála faisnéise, bac mór ar an rannán a chuid oibre a chur i gcrích.
I mo thaithí féin, nuair a dhéantar reachtaíocht a dhréachtú, gintear líon an-mhór taifead agus d’fhéadfadh méideanna suntasacha ríomhphoist agus comhfhreagrais eile teacht chun cinn fiú nuair a bhíonn na hathruithe beartaithe ar na dréachtaí éagsúla réasúnta beag. Níl aon chúis agam a bheith in amhras faoi sheasamh na Roinne maidir leis an obair a bhí i gceist sa chás seo.
Ag féachaint don mhéid thuasluaite, glacaim leis go gcuirfí bac nó go gcuirfí isteach, go substaintiúil agus go míréasúnta, ar obair na rannóige, má dhéantar iarraidh saorála faisnéise an iarratasóra a phróiseáil, agus cinnim go bhfuil feidhm ag alt 15 (1)(c).
Tar éis dom athbhreithniú a dhéanamh faoi alt 22(2) den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, daingním leis seo breith na Roinne agus cinnim go bhfuil feidhm ag alt 15(1)(c).
Leagtar amach in Alt 24 den Acht SF forálacha mionsonraithe chun achomharc a bheith á dhéanamh ag páirtí san athbhreithniú chun na hArd-Chúirte, nó ag aon duine eile a bhfuil tionchar ag an gcinneadh air/uirthi. Mar achoimre, ní mór achomharc den sórt sin, ar phonc dlí go hiondúil, a thionscnamh tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine i ndiaidh fógra faoin gcinneadh a bheith tugtha don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc.
Elizabeth Dolan
Imscrúdaitheoir Sinsear