Measúnú Dhualgas na hEarnála Poiblí 2022 – 2025
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ár nOifig neamhghnách de bhrí go bhfuil seacht bhfeidhm reachtúla dhifriúla á comhlíonadh aici. Tá spás oifige, foirne agus córais TF, tacaíocht dlí agus AD á roinnt againn, mar aon le foireann soláthair agus airgeadais. Is ionann tagairt do “An Oifig” agus tagairt do na comhlachtaí reachtúla aonair atá liostaithe thíos.
Is é cuspóir an nóta seo ár n-athmheasúnú ar ghealltanais Dhualgas Earnála Poiblí (DEP) na hOifige a leagan amach. Le linn dúinn an t-athmheasúnú seo a dhéanamh agus a dhoiciméadú, rinneamar meastóireacht ar an méid atá déanta go dtí seo agus ar an méid atá fós le déanamh ó phleananna gníomhaíochta DEP roimhe seo agus shainaithníomar réimsí nua ina bhféadfaí cearta an duine agus saincheisteanna comhionannais a fheabhsú tuilleadh. Tá fianaise ar an méid seo le fáil i bPlean Gníomhaíochta athbhreithnithe 2022-2025.
Bhunaigh foireann na hOifige Meitheal DEP in 2018 chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna chearta an duine agus comhionannais a bhaineann le feidhmeanna na gcúig chomhlacht reachtúla (a bhí ann ag an am), mar aon lenár bhfeidhmeanna corparáideacha mar fhostóirí agus mar cheannaitheoirí earraí agus seirbhísí. Bunaíodh Coiste DEP agus ceapadh grúpa éagsúil daoine a bhfuil baint acu le feidhmeanna reachtúla difriúla. D'fhorbair an Coiste plean gníomhaíochta tosaigh, a cheadaigh MAC (Deireadh Fómhair 2018) agus ionchorpraíodh é i ráiteas straitéise na hOifige i gcomhair 2019-2021.
Mar gheall ar athruithe foirne, brú oibre agus béim ar phríomhghníomhaíochtaí i rith COVID-19, tráth a raibh formhór na mball foirne ag obair ón mbaile, níor bhuail Coiste DEP na hOifige le chéile ach corruair i rith 2020/2021. Rinneadh an Coiste a athnuachan i Ráithe 1, 2022, chun cur leis an obair a bhí déanta cheana féin chun tacú le Cearta an Duine, Comhionannas agus Éagsúlacht san Oifig.
Cuireann Alt 42(2) d'Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, oibleagáid ar ár nOifig mar Chomhlacht Earnála Poiblí (CEP) chun an méid seo a leanas a dhéanamh, inter alia:
1. Measúnú – leagtha amach inár bplean straitéiseach, measúnú a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus comhionannas a chreideann sé atá ábhartha d'fheidhmeanna agus do chuspóir an chomhlachta;
2. Déileáil le – leagtha amach inár bplean straitéiseach, na beartais, pleananna agus gníomhaíochtaí atá bunaithe nó beartaithe a bhunú chun déileáil leis na saincheisteanna sin; agus
3. Tuairiscigh – forbairtí agus éachtaí a thuairisciú inár dtuarascáil bhliantúil.
Fad is a bhí ár nDualgas Earnála Poiblí á athmheasúnú againn, chuireamar na gníomhaíochtaí seo a leanas i gcrích:
Tá cuid de na gníomhartha níos casta a sainaithníodh mar chuid dár bPlean Gníomhaíochta deiridh á gcur san áireamh i bPlean Gníomhaíochta 2025. Príomhchuspóir dár bPlean Gníomhaíochta 2025 é cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a bhunú maidir le hobair láimhseála gearán Oifig an Ombudsman. Tá Fochoiste DEP speisialta bunaithe chun scrúdú a dhéanamh ar an tslí a bhféadfaí glacadh le cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine agus chun Lámhleabhar maidir le Cearta an Duine agus cúrsaí oiliúna a fhorbairt do chásoibrithe Oifig an Ombudsman.
Tá ár bPlean Gníomhaíochta curtha faoi bhráid Fhoireann Bainistíochta Shinsearach na hOifige agus tá sé curtha san áireamh i Ráiteas Straitéise 2022 - 2025 na hOifige. Eagróimid cruinnithe rialta chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil le gach gníomh sainaitheanta agus tuairisceoimid maidir leis seo i ngach Tuarascáil Bhliantúil de chuid na hOifige.