Is é Oifig an Choimisinéara Faisnéise an comhlacht achomhairc do shaoráil faisnéise in Éirinn. Is é an ról atá againn athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna a thugann comhlachtaí poiblí ar iarrataí saorála faisnéise. Táimid lonnaithe ar Shráid Líosain i mBaile Átha Cliath.
De bhreis ar an gCoimisinéir Faisnéise agus ar an Ard-Stiúrthóir, cuimsíonn ár bhfoireann thart ar fhiche ball foirne atá faoi stiúir Imscrúdaitheoir Sinsearach. Faightear tacaíocht bhreise ó na seirbhísí comhroinnte a chuireann Oifig an Ombudsman ar fáil (mar shampla, bainistíocht acmhainní daonna agus tacaíocht teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide).
Cheap an tUachtarán Michael D. Higgins Ger Deering ina Ombudsman agus ina Choimisinéir Faisnéise d’Éirinn i mí Eanáir 2022.
Tá roinnt comhlachtaí poiblí bunaithe agus á stiúradh ag Ger agus tá an-taithí aige ar chearta tomhaltóirí agus fostaíochta.
Ceapadh é ina Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais in 2015 agus ina Ombudsman um Pinsin in 2016. Rinneadh Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean de nuair a cumasaíodh an dá oifig in 2018. Sa ról seo bhí sé i gceannas ar chlár athraithe suntasach as a dtáinig i bhfad níos mó gearán in aghaidh soláthraithe seirbhísí airgeadais á réiteach trí idirghabháil.
Ba é Ger an chéad Choimisinéir um Rialáil Tacsaithe, áit ar thug sé isteach raon leasuithe ar an tionscal. Bhí sé ina Stiúrthóir bunaithe ar an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (NERA) áit ar chuir sé comhlíonadh cearta fostaíochta chun cinn agus áit a bhfuair sé cúiteamh d’fhostaithe ar diúltaíodh a gcuid teidlíochtaí reachtúla íosta.
Bhí príomhról ag Ger i gceannas ar an gClár Athchóirithe um Chaidreamh san Áit Oibre a chruthaigh seirbhís náisiúnta caidrimh san ionad oibre dhá leibhéal atá dírithe ar an úsáideoir a tháinig in ionad na gcúig chomhlacht a bhí ann roimhe sin.
Tá taithí fhairsing aige ag obair ar fud an rialtais áitiúil, na forbartha pobail, na státseirbhíse agus na hearnála príobháidí.
D’oibrigh Elaine Cassidy i ról bainistíochta idirnáisiúnta san earnáil TF ilnáisiúnta ar feadh 15 bliana sula ndeachaigh sí isteach sa tseirbhís phoiblí sa bhliain 2008 mar Cheann Stádas Chomhionann agus mar Cheann Idirghabhála sa Bhinse Comhionannais.
Ina dhiaidh sin, chuaigh Elaine isteach sa Roinn Fiontar, Post agus Fostaíochta chun maoirseacht a dhéanamh ar achtú agus tosú Acht na gCuideachtaí, 2014, agus ionstraimí reachtúla gaolmhara. Ceapadh í mar Leas-Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean in Oifig an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, atá mar chuid den chreat cosanta tomhaltóirí in Éirinn.
Tá céim Máistreachta i mBeartas Poiblí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag Elaine. Chomh maith leis sin, chuir sí Scrúduithe FE1 de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann i gcrích agus tá sí ina Breithneoir cáilithe, ina hIdirghabhálaí deimhnithe agus ina ball d’Institiúid Idirghabhálaithe na hÉireann. Anuas air sin, sealbhaíonn sí céim LLB sa Dlí ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus céim BA i Margaíocht Idirnáisiúnta agus Teangacha ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá dhá fheidhm athbhreithnithe againn. Is é an chéad fheidhm ná athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna saorála faisnéise. Is é an dara feidhm ná athbhreithniú a dhéanamh ar athúsáid faisnéise earnála poiblí.
Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar thaifid atá á sealbhú ag comhlachtaí poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Mura bhfuil tú sásta leis an mbreith dheiridh ón gcomhlacht poiblí, féadfaidh tú iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh chugainn. Is comhlacht achomhairc neamhspleách sinn. Tá sé de chumhacht againn an bhreith ón gcomhlacht poiblí a dhaingniú, a athrú nó a neamhniú agus breith nua a thabhairt. Déanaimid athbhreithniú ar na cineálacha breitheanna seo a leanas:
Nuair a dhéanaimid athbhreithniú ar bhreith ó chomhlacht poiblí, scrúdaímid an fhaisnéis ábhartha agus iarraimid ar na páirtithe lena mbaineann aighneachtaí a dhéanamh. De ghnáth, is iad an t-iarratasóir agus an comhlacht poiblí na páirtithe lena mbaineann. Téimid i ndáil chomhairle le tríú páirtithe freisin, mar shampla i gcás go bhféadfadh an bhreith uainn dul i bhfeidhm ar a leasanna. Is féidir in amanna cás a réiteach trí theacht ar chomhaontú leis na páirtithe.
Cuirimid athbhreithnithe i gcrích laistigh de cheithre mhí nuair is féidir. Tógann cásanna áirithe tréimhse níos faide más cásanna casta iad nó má tá líon mór taifead i gceist leo.
Anuas ar bhreitheanna a athbhreithniú, déanaimid na nithe seo a leanas:
Is leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, a rialaítear Saoráil Faisnéise in Éirinn. Rinneadh roinnt rialachán faoin acht sin.
Gheobhaidh tú rialacháin, cóid chleachtais agus lámhleabhair ar shuíomh Gréasáin an Láraonaid Bheartais um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag foi.gov.ie.
Tá sé de cheart agat faisnéis atá á sealbhú ag údaráis phoiblí a athúsáid faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid), 2005. Mura bhfuil tú sásta leis an mbreith ón gcomhlacht poiblí, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chugainn. Faigh tuilleadh faisnéise.