Déan iarratas ar athbhreithniú
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir leat iarratas a chur faoi bhráid OIC má tá an méid seo a leanas fíor:
Déanaimid athbhreithniú ar bhreitheanna a thugann comhlachtaí poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Áirítear leo sin:
I bhformhór na gcásanna, ní ghlacfaimid le hiarratas ar athbhreithniú ach amháin tar éis Athbhreithniú Inmheánach a chríochnú. Déanfar eisceacht sna cásanna seo a leanas:
Tríd is tríd, féadfaidh tú iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh chugainn laistigh de shé mhí ón mbreith ón gcomhlacht poiblí a fháil. Féadfaimid an teorainn ama a fhadú i gcás go measfaimid go bhfuil forais réasúnacha ann le déanamh amhlaidh.
Ní bheidh ach dhá sheachtain agat chun iarratas a dhéanamh chuig an oifig sna cásanna seo a leanas:
Ar mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise? Gheobhaidh tú rialacháin, cóid chleachtais agus lámhleabhair ar shuíomh Gréasáin an Láraonaid Bheartais um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Is ceangailteach le dlí atá an bhreith uainn ar athbhreithniú. Féadfaidh an t-iarratasóir nó an comhlacht poiblí nó páirtí a ndearnadh difear dó achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí in aghaidh na breithe uainn.
Má tá táille le híoc, ní féidir linn glacadh le d'iarratas nó é a phróiseáil go dtí go n-íocann tú an táille.
Maidir le hiarratais ar líne, is féidir leat an táille a íoc nuair a bhíonn an fhoirm iarratais líonta agat.
Maidir le hiarratais tríd an bpost, is féidir táillí a íoc i bhfoirm seic/dréacht bainc/ordú post, crosáilte agus iníoctha le hOifig an Choimisinéara Faisnéise. Is féidir leat táillí a íoc trí chuairt a thabhairt ar an Oifig idir 9.15am - 5pm, Luan go hAoine. Ná seol airgead tirim tríd an bpost.
Seiceáil an tábla seo a leanas chun a fheiceáil cé acu ba cheart nó nár cheart duit táille a íoc:
Tabhair faoi deara: D’fhéadfaí táillí a ghearradh as cuardach le haghaidh taifead is ábhar d’iarraidh saorála faisnéise agus iad a aisghabháil agus/nó a chóipeáil: Gan Táille
Molaimid do dhaoine ár bhfoirm iarratais ar líne a úsáid. Is é sin an bealach is éasca agus is tapa chun an fhoirm a chomhlánú.
Priontáil an fhoirm iarratais thíos agus líon isteach.
Cuir an fhoirm chomhlánaithe sa phost nó seachaid í chuig an seoladh seo a leanas: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Déanann an Coimisinéir Faisnéise athbhreithniú ar chinntí SF.